Back
Úsáid do chúpla focal ag an Vodafone Comedy Carnival i nGaillimh

Úsáid do chúpla focal ag an Vodafone Comedy Carnival i nGaillimh

Agus muid ar fad sna trithí gáire ag an Vodafone Comedy Carnival Gaillimh idir 24-30 Deireadh Fómhair, beidh cuid mhaith deiseanna agat tú féin a lonnú i measc na nGael mar aon leis an ngreann. Seo a leanas cúpla bealach le hé sin a dhéanamh go héasca…

Gaelgáirí:

Is é GaelGÁIRÍ an t-aon oíche ghrinn trí Ghaeilge ar domhan. Tá sé á eagrú i mBaile Átha Cliath le trí bliana anuas agus tá camchuairteanna tugtha acu timpeall na tíre go Gaillimh, Béal Feirste, Corcaigh, Laois agus ag féilte éagsúla ar nós Electric Picnic, an Vodaphone Comedy Festival agus Seachtain na Gaeilge. I measc na 50 fuirseoir a bhí ar an ardán leo ó thosaigh siad tá Tommy Tiernan, Al Porter, Colm Reagan agus Kevin McAleer.

Ag an Vodafone Comedy Carnival Gaillimh beidh Gaelgáirí ar siúl sa Taibhdhearc, le Al Porter i mbarr a réime mar príomh-fhuirseoir na hoíche ar 26 Deireadh Fomhair le Aine Gallagher, Martin Angolo agus Julie Johnson in éinneacht leis. Ticéid ar fail ó Oifig Ticéad na Féile ar an bhFaiche Mhór nó ar 091-509960.

Wild Atlantic Wahey

Ar chuala tú trácht ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin riamh? Arbh fhearr leat a bheith ar fiáin le gáire agus tú ar an tslí? Beidh an deis agat dul ar thuras mistéireach trí Chonamara ar an Satharn, 28 Deireadh Fómhair. Ag fágáil na Gaillimhe ag meán lae, beidh ceithre stop randamacha éagsúla tríd an nGaeltacht, agus feicfidh tú seit ó fhuirseoir difriúil ag gach ceann acu.

Dar ndóigh beidh Guinness nó dhó agat taobh leis an aigéan in éineacht le do chairde ar dheireadh seachtaine mistéireach na Samhna.

Faigh do thicéid anseo.